Thursday, April 8, 2010

Fadhbanna a bhaineann le nuacht teilifíse

Seo iad na fadhbanna atá ag an rang a bhaineann le nuacht teilifíse.

Rinneamar dearmad beanachtaí a chur ag an tús is ag deireadh an phíosa. Chomh maith le sin, ní raibh an cuid is mó dúinn ag mangadh gáire. Tháinig sé trasna go raibh muid uilig mí-chairdiúil agus drochbhéasach toisc nach raibh aon ceangal ann idir an léitheoir nuachta agus na lucht féachana.

Bhí muid go léir marbh sna súile (b'fhéidir go raibh sé ró-luath ar maidin) agus bhí níos mó beocht ag teastail sna guthanna chomh maith. Is léir nach raibh muid compordach go leo ag léamh os comhair a chéile is os comhair an ceamara.

Bhí an rang ag titim thar na focal is ag éirí measctha. Bhi sé thar a bheith soléir nach raibh an scriopt ar eolas againn. Cúis eile go raibh daoine ag éirí trí na chéile leis an scriopt ná go raibh daoine ag léamh ró-ghásta is ag déánamh leath-léamh ar an bpíosa. Ní raibh sé sin proifisiúnta ar chur ar bith.

Ní raibh stáidiúr maith ag cúpla duine agus tháinig sin trasna san fhíseán. ba chór dúinn súigh i gceart chun a bheith níos proifisiúnta agus compordach.

IS léir nach raibh muinín ag an gcuid is mó dúinn os comhair an ceamara agus tháinig sé trasna go raibh muid míchomporadach is neirbhíseach.

Ach...seachas sin bhíomar ar fheabhas!! Caithfimid a bheith níos mó muiníneach asainn féin!