Wednesday, February 17, 2010

Léitheoirí Nuachta

Tá an blog darbh ainm 'How to Become a Newsreader', bunnaithe ar léitheoirí nuachta agus ceistíonn sé na céimeanna atá acu. Deirtear nach bhfuil céimeanna den chéad scoth ag roinnt léitheoirí agus fuair siad a bpostanna toisc go bfhuil siad dáthúil . . . Glaotar "auto-cuties" orthu! Tá sé tuairiscithe go dtuileann Natasha Kaplinsky as chaineall 5, níos mó ná £1 milliúin sa bhliain agus deireann an blag seo go bhfuair sí a bhfuil aici as a haghaidh seachas a céim agus a cáilíocht. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart nó cóir ráiteas mar sin a rá faoi dhaoine, toisc go bhfuil siad os comhair an ceamara. Tá inchinn agus áilleacht ag daoine agus ní dtig éinne a rá nach bhfuil na hiriseoirí seo in ann a bpost a dhéanamh i gceart agus áilleacht acu.





Tá ar leitheoiri nuachta a bpost a dhéanamh os comhair an pobal agus cinnte go mbeadhaidís féin-chomhfhiosach go leor gan daoine ag ceistiú a gcéimeanna agus a gcumas chun a bpostanna a dhéanamh go cruinn agus i gceart.



Caithfidh daoine an ceistiú seo a stopadh agus lig na léitheoirí nuachta leanúint ar aghaidh lena bpost gan bhrú ón bpobal . . .

No comments:

Post a Comment